Ineacs

Foclóir

Róisín Dubh

YouTube -=- Google -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

A Róisín ná bíodh brón ort fár éirigh dhuit-
tá na bráithre ag dul ar sáile is iad ag triall ar muir,
tiocfaigh do phardún óa bPápa is ón Róimh anoir
is ní spáráilfear fíon Spáinneach ar mo Róisín Dubh.

Is fada an réim a lig mé léi ó inné do dtí inniu,
trasna sléibhte go ndeachas léi is mo sheólta ar muir;
An éirne scoithe sí de léim í cé gur mór é a sruth;
is mar cheól téad ar gach taobh di a bhíonn mo Róisín Dubh.

Mhearaigh tú mé, a bhradóg, is nár ba fearrde dhuit,
's go bhfuil m'anam istigh i ngean ort is ní inné ná inniu.
D'fhág tú lag anbhann mé i ngné is i gcruth;
ná feall orm is mé i gnean ort, a Róisín Dubh.

Shiúfainn féin an drúcht leat is fásaigh goirt
mar shúil go bhfaighinn rún uait nó páirt ded thoil;
a chraoibhín chumhra, gheallais damhsa go raibh grá agat dom,
is gurb í plúrscoth na Mumhan í mo Róisín Dubh.

Dá mbeadh seisreach agam threabhfainn in aghaidh na gcnoc
is dhéanfainn soiscéal i lár an Aifrinn do mo Róisín Dubh;
bhéarainn póg don chailín óg a bhéarfadh a hóighe dhom
is dhéanfainn cleas an leasa le mo Róisín Dubh.

Beidh an Éirne 'na tuilte tréana is réabfar cnoic,
beidh an fharraige 'na tonnta dearga is an spéir 'na fuil,
beidh gach gleann sléibhe ar fud éireann is móinte ar crith,
lá éigin sula n-éagfaidh mo Róisín Dubh.


macsuibhne.com/amhran/