Ineacs

Foclóir

Tráthnóna Beag Aréir

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

Thíos i lár an ghleanna tráthnóna beag aréir
Agus an drúcht 'na dheora geala ina luí ar bharr an fhéir
'S ea casadh domhsa an ainnir ab áille gnúis is pearsa
'S í sheol mo stuaim chun seachráin tráthnóna beag aréir

Agus a Rí, nár lách ár n-ealaín 'gabháil síos an gleann aréir
Ag éalú fríd an chanach agus ciúineas ins an spéir
A rún mo chléibh, nár mhilis ár súgradh croí 's nár ghairid
Ó, 's a Rí na glóire gile, tabhair ar ais an oíche aréir

Dá bhfaighinnse arís cead pilleadh agus labhairt le grá mo chléibh
Nó dá bhrfaighinnse buaidh ar chinniúint cér mhiste liom fán tsaol?
Shiúlfainn leat fríd chanach is fríd mhéilte ar chiumhais na mara
Agus dúiche Dé dá gcaillfinn go bpógfainnse do bhéal

Agus a Rí, nár lách ár n-ealaín 'gabháil síos an gleann aréir
Ag éalú fríd an chanach agus ciúineas ins an spéir
A rún mo chléibh, nár mhilis ár súgradh croí 's nár ghairid
Ó, 's a Rí na glóire gile, tabhair ar ais an oíche aréir


macsuibhne.com/amhran/