Ineacs

Foclóir

Tá Mé I Mo Shuí

YouTube -=- Google -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

Tá mé i mo shuí ó d'éirigh an ghealach aréir,
Ag cur teineadh síos gan scíth 's á fadú go géar,
Tá bunadh a' tí 'na luí is tá mise liom féin,
Tá na coiligh ag glaoch 's tá 'n saol ina gcodladh ach mé.

Sheacht mh'anam déag, do bhéal, do mhalaí 's do ghrua,
Do shúil ghorm ghlé gheal fa'r thréig mé aiteas is suairc,
Le cumhaidh i do dhiaidh ní léir domh an bealach a shiúl,
Is a charaid mo chléibh, tá na sleibhte 'dul idir mé is tú.

Deireann lucht léinn gur cloíte an galar an grá,
Char admhaigh mé é go raibh sé 'ndhaiidh mo chroí 'stigh a chrá,
Ó aicíd ró-ghéar, faraor nár sheachnaigh mé í,
Chuir sí arraing 's céad go géar frid cheartlár mo chroí.

Casadh bean sí domh thíos ag Lios Bhéal an Áth',
'S d'fhiafraigh mé díthe an scaoilfeadh glais ar bith grá,
'Sé duirt sí os íseal i mbriathra soineanta sámh',
"Nuair a theann sí fan chroí, cha scaoiltear as é go brach."


macsuibhne.com/amhran/