Ineacs

Foclir

Sráid an Chlocháin Léith

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

An lá sin a d'fhág mise sráid a' Chlocháin Léith,
Bhí na 'bands of music' a' seinm in mo dhiaidh.
Bhí bóltaí ar mo chaoltaí 's an síon 'g dhul in m'aghaidh,
'S ag teacht mór Dhoire Locháin a d'ól mé mo sháith.

Ar maidin lá arna mharach teach na nGarda i mBealach Féich
Tháinig Parthalan OÓ Baoill is thug sé domh tréat,
'G dhul anonn ar Bhaile an droichid domh ba bhrónach bhí mé,
Is ag príosún dubh Leifearr fuair mé deireadh achan scéil.

Tháinig a' chaoinbhean san oíche nuair bhí mé liom féin
Le mo shábháil ar abaraigh nó ar Bhotany Bay;
Tháinig sí arís nó gur phóg sí mo bhéal -
'Ná codlaigh ar do ghnaithe, tá do scríbhinn bheag réidh.'

Nuair a théim seal a' cuartaíocht thart suas fá na haird,
Sé Mícheál mo chomrádaí, é féin is Mac Comhaill;
Inis i gcois íseal do Niall Dhoimnic Óig
Go bhfuil mise gaibhte i bpríosún fá bhuarach na bó.

Beir scéala uaim go hÁrainn 'nsair Mháire Fhéilimidh Óig
Go hArd Pholl a' Mhadaigh áit a mbíonn an t-aos óg,
Inis do na cailíní a d'fhag mé faoi bhrón
Go mbeidh mise sa bhaile acu Féil' Pádraig 's mé ag ól.


macsuibhne.com/amhran/