Ineacs

Foclóir

Nóra Bheag

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

"A Nóra bheag, cá raibh tú 'réir?"
'Sé dúirt mo mhamaí liomsa
"I gcúl a' tí ag tobar an uisce
'Foghlaim coiscéim damhsa"

Curfa:

'Gus íomba Nóra, Nóra, Nóra
'Gus íomba 's tú mo ghrá geal
'Gus íomba Nóra is tú mo stóirín
Tá mise dúnta i ngrá leat

B'aite le Nóra pís agus pónair'
B'aite le Nóra brandy
B'aite le Nóra prátaí rósta
Is d'íosfadh Ora an t-im leo

Curfa

Dá mbíodh agam ciste, níl ach tuistiún
Chuirfinn ort gúna álainn
Bhéarfainn fuiscí, tae agus brioscaí
'S bheinn ag gabháil cheoil go lá leat

Curfa

" 'S a Nóra bheag cá raibh tú 'réir?"
"Bhí mé i gcúl a' gharraí"
"Cé bhí agat féin ansin?"
"A' píobaire beag 's a mhálaí"

Curfa


macsuibhne.com/amhran/