Ineacs

Foclir

An Cailín Álainn

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

(Traidisiúnta)

Tá cailín álainn a dtug mé grá di;
'Sí 's deise 's áille ná bláth ná rós.
Gan í ar láimh liom is cloíte 'tá mé -
A chailín álainn, is tú fáth mo bhróin.

Curfá:
A chailín álainn a dtug mé grá duit,
Bí ar láimh liom, a mhíle stór;
Is abair liomsa gur tú mo ghrá geal,
Is beidh orm áthas in áit an bhróin.

Nuair a éirím amach go huaigneach
Siúd é an uair is mó mo bhrón;
Bím ag smaoineamh ar a' gcailín uasal
Atá ' bhfad uaimse, mo chreach is mo bhrón!

Dá dtiocfá liomsa, a chailín álainn,
Arís go brách ní bheadh ort brón;
Sheinnfinn ceol duit mar cheol na cláirsí
Nó ceol binn an smóilín san drúcht geal ceo.


macsuibhne.com/amhran/