Ineacs

Foclóir

Na Connerys

YouTube -=- Google -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

A Choimhín mhallaithe guímse deacair ort agus gráin Mhic Dé
Is ar an ngasra úd athá ceangailte go dlúth le d'thaobh
Is iad a dhearbhaigh na leabhartha go humhal sa mbréag
Is a chuir na Connerys thar na farraigí go dtí sna New South Wales

Té a bheadh ina sheasamh ann is dhéanfadh machnamh ar ár gcúis dá plé
Mar a sheasaigh sí ón seacht ar maidín go dtí tar éis a naoi
Do chroith an talamh fúinn le linn na leabhartha ann dá dtabhairt sa mbréag
Mo ghreidhin an t-anam bocht nó tá sí damanta má's fíor don chléir

A Bhanríon bheannaithe is a Rí na bhFlaitheas Geal, den trócaire orainn araon
Is ar an mbanaltra atá sa bhaile go dúch inár ndéidh
Le linn an Aifrinn bígí ag agallamh is ag guí chun Dé
Leis na Connerys a thabhairt abhaile chughainn ó sna New South Wales


macsuibhne.com/amhran/