Ineacs

Foclóir

Jimmy Mo Mhíle Stór

YouTube -=- Google -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

Bliain an taca seo d'imigh mo ghrá uaim féin,
Ní thiocfaidh sé abhaile go dtuga sé cúrsa an tsaoil,
Nuair a fheicead mo ghile rithfead le fuinneamh na chóir,
Agus clúdódh le mil é, is é Jimmy mo mhíle stór.

Bíonn mo mháthair is m'athair go síoraí ag bruíon liom féin,
Dá rá gur lem' boige do mealladh mé i dtús mo shaoil,
Mise dá fhulaingt go dubhach is ag sileadh na ndeor
Le cumann dom chumann, is é Jimmy mo mhíle stór.

A chailíní deasa, déanaigí brón díbh féin,
Mar go bhfuilimse fuirsithe stracaithe cráite ón saol.
thugas cumann do dhuine ba bhinne is ba bhreátha snó
Do chuaigh ar bord loinge uaim, is é Jimmy mo mhíle stór.

Rachadh go bun coille agus caithfeadh ann deireadh mo shaoil,
an ball ná labharfaidh aoinne eile, ach ceol na n-éan,
Ball ná sileann aon bhile ann, geimhreadh ná fómhar,
Ó chuaigh ar bord loinge uaim Jimmy mo mhíle stór.


macsuibhne.com/amhran/